Léirithe Spéise do Chomhaltaí Seachtracha an Choiste Airgeadais agus an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca

 

Iarrann Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman (BOOPLLG) léirithe spéise ó dhaoine ar mian leo a bheith ainmnithe chun fónamh mar chomhalta seachtrach ar a Choiste Airgeadais nó mar chomhalta nó már Cathaoirleach ar a Choiste Iniúchóireachta agus Riosca.

Le bheith incháilithe le haghaidh ainmniúcháin ba cheart go mbeifeá in ann taithí agus/nó eolas a léiriú ar cheann amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

  • Cleachtais Airgeadais
  • Iniúchadh
  • Bainistíocht Riosca
  • Rialachas
  • An Earnáil Phoiblí

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar na naisc thíos:

Explanatory Memorandum Word file 

Explanatory Memorandum PDF file 

 

Is é an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise ná 5 i.n. Dé Céadaoin, an 13ú Samhain 2024.

An Dr Carina Ní Dhálaigh

Príomhfheidhmeannach